Comórtas Scoile: Buaiteoirí sa Bhruiséil
Bhí na 28 foireann a bhuaigh Comórtas Scoile 50 Bliain le Chéile san Éagsúlacht sa Bhruiséil ón 21 go dtí an 23 Márta 2008. Chuir Iarsmalann na hEorpa clár ar fáil a chuimsigh cuairteanna ar thaispeántas “Is Ár Stair Í” agus Mion-Eoraip, le cois turas timpeall na Bruiséile. D’fhan na foirne de dhaltaí agus na múinteoirí comhordúcháin a tháinig leo i mbrúnna óige. Bhí deis acu cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus ar na nithe is díol spéise inti. Rinne Iarsmalann na hEorpa urraíocht ar an turas chuig an mBruiséil agus chabhraigh foireann na hiarsmalainne leis na grúpaí roimh an turas agus lena linn. Ar an Satharn, an 22 Márta 2008, tháinig na buaiteoirí le chéile ag Tour & Taxi, an áit ag ar eagraigh Iarsmalann na hEorpa an taispeántas “Is Ár Stair Í”. Thar ceann údaráis na Beilge, chuir an tUasal Freddy Thielemans, méara na Bruiséile, fáilte roimh na haíonna uile.Bhronn Iarsmalann na hEorpa trí dhuais ar na saothair amhairc is fearr, mar seo a leanas:
Thar ceann Oifig Scoilnet na hEorpa, chuir comhordaitheoir an chomórtais, Petru Dumitru, forbhreathnú ar an gcomórtas i láthair agus thug sé réamheolas faoi fheachtas Lá Earraigh na hEorpa 2008 do na rannpháirtithe freisin (Cur i láthair PPT).
[Grianghraf le hIarsmalann na hEorpa] Roinn na foirne buaiteacha bia agus deochanna traidisiúnta a thóg siad leo óna dtíortha dúchais. Bhraith siad go raibh siad ina mbaill de theaghlach Eorpach a cheiliúir an méid a bhí éagsúil agus a ghlac leis an méid a bhí mar an gcéanna ina gcuid cultúr. Seo a dúirt Karl Piaty linn, múinteoir ón Ostair a tháinig lena fhoireann bhuaiteach: “Gabhaimid buíochas le hIarsmalann na hEorpa agus le Scoilnet na hEorpa as fáilte a chur romhainn sa Bhruiséil don deireadh seachtaine seo. Thug an turas deis dúinn cuairt a thabhairt ar phríomhchathair an Aontais Eorpaigh. Bhí eispéiris againn nach ndéanfaimid dearmad orthu riamh, agus bhí áthas an domhain ar ár ndaltaí bualadh le comhpháirtithe ó Bhallstáit eile. Táim díreach tar éis a fháil amach go bhfuil an turas seo mar an chéad turas thar lear déanta ag lán de na daltaí atá ag freastal ar an ócáid seo”. Faisnéis bhainteach Faisnéis ghinearálta D’eagraigh Scoilnet na hEorpa an comórtas scoile “50 Bliain le Chéile san Éagsúlacht” thar ceann Iarsmalann na hEorpa. Is comhpháirtíocht idirnáisiúnta de 28 aireacht oideachais san Eoraip í Scoilnet na hEorpa (EUN, a chuireann tairseacha oideachais Eorpacha tábhachtacha ar fáil do theagasc, d’fhoghlaim agus do chomhoibriú idir scoileanna. Is cumann neamhbhrabúsach í Iarsmalann na hEorpa a bhfuil beirt iar-Aire Stáit ón mBeilg, Antoinette Spaak, Uasal, agus an tUasal Karel Van Miert, Iar-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ina gcomh-chathaoirligh uirthi. Is féidir ceisteanna faoi Chomórtas Scoile 50 Bliain le Chéile san Éagsúlacht a sheoladh chuig Petru Dumitru. |
This project is an initiative of the Museum of Europe, on the occasion of the 50th anniversary of the founding treaties of Rome.



